Gúinín Gorm agus an Féileacán
Dublin Core
Teideal
Gúinín Gorm agus an Féileacán
Cur Síos
Fadó, fadó, bhí cailín beag gleoite ina cónaí i dteachín beag aoibhinn ag a raibh geata gorm, ag bun cnocáin féir. Bhí sí um ocht mbliana d’aois agus thugadh gach éinne Gúinín Gorm uirthi toisc go gcaitheadh sí seanghúna gorm an t-am go léir. Ar ndóigh, b’in é an t-aon ghúna a bhí aici. Bhí an gúna ag éirí an-ghioblach ó bheith á chaitheamh i gcónaí, idir Dhomhnach is dálach. Dheisíodh sí an gúna chomh maith agus a bhíodh sí in ann ach fós féin bhí cuma sheanchaite air. Bhí sí ina cónaí aisti féin gan duine sa tsaol a thabharfadh aire di. Ní raibh aici ach seanchat agus bhraitheadh sí an-uaigneach anois is arís ach is é a deireadh sí léi féin, “Ná bac sin anois!”...
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Séamus Ó Coileáin
Dáta
2017
Cearta
OÉ Gaillimh
Formáid
PDF
Cineál
Téacs