An Féinics Lasrach

Colm Ó Maoláin a rinne an leagan Gaeilge 

Fadó fadó bhí Sár darbh ainm Berendei ann.

Bhí triúr mac aige.

Ivan an t-ainm a bhí ar an mac ab óige.

Bhí gairdín álainn ag an Sár.

Bhí crann úll ann le húlla móra órbhuí.

Lá amháin, fuair an Sár amach go raibh na húlla á ngoid.

Bhí an Sár míshásta faoi seo.

Labhair a chlann mhac leis.

“Coinneoidh muidne súil ar an ngairdín.”

Choinnigh an mac ba shine súil air an chéad oíche.

Ach thit sé a chodladh.

“An bhfuil dea-scéala agat dom?” a d’fhiafraigh an Sár de ar maidin.

“Ní fhaca mé duine ná deoraí,” a deir an mac leis.

Babhta an dara mac a bhí ann an dara hoíche.

Ach thit sé féin a chodladh chomh maith.

D’imigh lá eile tharstu.

Babhta Ivan a bhí ann anois súil a choinneáil.

Bhí leath na hoíche caite.

Go tobann, chonaic sé solas mór ag scaladh sa ghairdín.

Las an solas suas gach a raibh thart.

Céard a bhí ann ach an Féinics Lasrach.

Bhí sé ag gobadh ar na húlla.

Rinne Ivan iarracht greim a fháil air.

Ach níor rug sé ach ar chleite óna eireaball.

Labhair Ivan lena athair an mhaidin dár gcionn.

“Ar éirigh leat greim a fháil air?” arsa an t-athair.

“Níor éirigh,” arsa Ivan.

“Ach seo cleite ón ngadaí. Is é an Féinics Lasrach an gadaí,” a d’fhógair Ivan.

Bhí an Sár sona sásta anois.

Ach bhí an-suim ag an Sár an Féinics Lasrach a fheiceáil.

D’ordaigh an Sár dóibh dul amach ar a thóir.

“Cuardaigh gach aon choirnéal den domhan!” a dúirt sé leo.

Amach leis an triúr mac ar a gcuid capall.

Chuaigh mac amháin treo amháin.

Chuaigh mac eile treo eile.

Agus chuaigh Ivan i dtreo eile arís.

Lá te samhraidh amháin agus bhí Ivan ar a chapall.

Tháinig tuirse air agus tháinig sé anuas den chapall.

Luigh sé síos ar feadh tamaill.

Níl a fhios againn an tamall beag nó tamall fada a bhí ann.

Ach nuair a dhúisigh sé bhí an capall imithe.

Bhí Ivan bocht trína chéile.

Ach choinnigh sé leis de chos.

Shiúil sé agus shiúil sé.

Tháinig tuirse an domhain air.

Bhí sé beagnach ag titim i laige.

Shuigh sé síos agus cuma bhrónach air.

Go tobann, iontas na n-iontas, chonaic sé an Mac Tíre Glas.

Labhair an Mac Tíre Glas leis.

“Cén fáth a bhfuil tú chomh brónach sin?”

“Chaill mé mo chapall,” a d’fheagair Ivan.

“Is mise a d’ith do chapall,” arsa an Mac Tíre Glas. Ach tá trua agam duit, cá bhfuil tú ag dul?”

“Ar thóir an Fhéinics Lasraigh atá mé!” arsa Ivan.

“Tá a fhios agamsa go díreach cá bhfuil sé,” arsa an Mac Tíre Glas, “téigh ar mo dhroim agus ar aghaidh linn!”

Leis sin, dhreap Ivan ar dhroim an Mhac Tíre Ghlais.

I bpreabadh na súl bhí siad imithe.

In dhá mheandar, shroich siad caisleán le ballaí móra.

Labhair an Mac Tíre Glas le Ivan.

“Téigh thar an mballa sin, agus feicfidh tú fuinneog. Tá cás órga istigh ann. Ansin atá an Féinics Lasrach. Ach in ainm Dé, ná leag lámh ar an gcás féin!”

Ar aghaidh le Ivan, suas go dtí an fhuinneog.

Thug sé leis an Féinics Lasrach.

Ach bhí a dhá shúil sáite sa chás.

Chomh luath agus a leag sé lámh ar an gcás, thosaigh trumpaí ag séideadh.

Gabhadh Ivan agus cuireadh os comhair an tSáir Afron é.

“Scaoilfidh mé leat má dhéanann tú gar dom,” arsa an Sár. “Tá capall áirithe ag an Sár Kusman. Moing Órbhuí an t-ainm atá air. Tabhair chugam an capall agus tabharfaidh mé an Féinics Lasrach duit.”

D’aontaigh Ivan leis an Sár.

D’fhág Ivan an caisleán.

Chuaigh sé ar ais chuig an Mac Tíre Glas.

Bhí cuma bhrónach ar Ivan.

“Dúirt mé leat gan lámh a leagan ar an gcás,” a deir sé le Ivan.

“Tá aiféala orm,” a d’fheagair Ivan.

“Gabh i leith uait mar sin,” arsa an Mac Tíre Glas.

Agus ar aghaidh leo go dtí caisleán an tSáir Kusman.

Thug an Mac Tíre Glas treoracha dó arís.

“Téigh thar an mballa sin, agus feicfidh tú stábla. Is ansin atá an Capall. Ach in ainm Dé, ná leag lámh ar an srian é féin!”

Ar aghaidh le Ivan go dtí an stábla.

Thug sé leis an Capall.

Ach bhí a dhá shúil sáite sa srian.

Déanta as ór a bhí sé.

Bhí sé maisithe le clocha lómhara.

Chomh luath agus a leag sé lámh ar an srian, thosaigh trumpaí ag séideadh.

Gabhadh Ivan agus cuireadh os comhair an tSáir Kusman é.

“Scaoilfidh mé leat má dhéanann tú gar dom,” arsa an Sár. “Tá iníon ag an Sár Dalmat. Yelena Álainn atá uirthi. Tabhair chugam í agus tabharfaidh mé an Capall duit.”

D’aontaigh Ivan leis an Sár.

D’fhág Ivan an caisleán.

Chuaigh sé ar ais chuig an Mac Tíre Glas.

Bhí cuma ní ba bhrónaí ar Ivan ná mar a bhí riamh.

“Dúirt mé leat gan lámh a leagan ar an srian,” a deir sé le Ivan.

“Tá aiféala orm,” a d’fheagair Ivan.

“Gabh i leith uait mar sin,” arsa an Mac Tíre Glas.

Agus ar aghaidh leo go dtí caisleán an tSáir Dalmat.

Labhair an Mac Tíre Glas le Ivan.

“An babhta seo déanfaidh mé gach rud mé féin!”

Bhí Yelena Álainn i ngairdín an chaisleáin.

Ghabh an Mac Tíre Glas í.

Chaith sé ar a dhroim í.

Agus rith sé leis go sciobtha.

Chuaigh sé ar ais go Ivan.

“Téigh ar mo dhroim,” arsa an Mac Tíre Glas. “Agus déan deifir, nó béarfaidh siad greim orainn.”

D’fhág siad agus shroich siad caisleán an tSáir Kusman.

“Tá cuma bhrónach ort, a Ivan,” arsa an Mac Tíre Glas. “Cén fáth?”

“Tá briseadh croí orm,” a deir Ivan. “Caithfidh mé slán a fhágáil le Yelena Álainn.”

Ach bhí cleas ag an Mac Tíre Glas.

“Déanfaidh mise Yelena Álainn díom féin agus rachaidh mé ina háit.”

Thug Ivan an Mac Tíre Glas don Sár Kusman.

Ghabh an Sár buíochas le Ivan arís agus arís eile.

“Is leatsa an Capall anois,” arsa an Sár.

Chuaigh Ivan suas ar an gcapall.

Ar ais go Yelena a chuaigh sé.

Agus d’imigh siad leo.

Bhí bainis mhór ag an Sár.

An oíche sin, thug sé a bhrídeog chuig an seomra leapa.

Ach céard a bhí le feiceáil aige?

Smut mic tíre in áit éadán a mhná céile óige!

Leis sin, d’éalaigh an Mac Tíre Glas.

Tháinig sé chomh fada le Ivan agus labhair sé leis.

“Tá cuma bhrónach ort fós a Ivan. Cén fáth?”

“Tá briseadh croí orm,” a d’fheagair Ivan. “An capall seo Moing Órbhuí, tá orm é a thabhairt uaim.”

Ach bhí cleas eile ag an Mac Tíre Glas.

“Déanfaidh mise capall díom féin agus rachaidh mé ina áit.”

Thug Ivan an Mac Tíre Glas don Sár Afron.

Ghabh sé buíochas le Ivan arís agus arís eile.

“Is leatsa an Féinics Lasrach anois,” arsa an Sár.

Thug sé an cás órga dó freisin.

D’fhág Ivan an caisleán.

Ar ais go Yelena a chuaigh sé.

Agus d’imigh siad leo.

Tar éis tamaill, tugadh bronntanas an chapaill don Sár.

Bhí sé go díreach ag dul suas ar droim an Mhac Tíre Ghlais,

nuair a d’athraigh sé isteach ina Mhac Tíre arís.

D’éalaigh sé arís.

Tháinig sé chomh fada le Ivan arís.

“Caithfidh mé slán a fhágáil leat,” a dúirt an Mac Tíre Glas, “ach ní slán go deo atá ann. Beidh mé ag teastáil uait arís.”

D’imigh Ivan ar dhroim an chapaill.

Agus bhí Yelena Álainn agus an Féinics Lasrach aige anois.

Rinne Ivan a bhealach abhaile.

Ach ar an mbealach, tháinig tuirse air.

Luigh sé siar ar feadh píosa.

Tar éis tamall, tháinig a dheartháireacha chomh fada leis.

Bhí siad féin ar thóir an Fhéinics Lasraigh freisin.

Agus bhí seans acu é a fháil go fóill.

Leis sin, mharaigh siad Ivan.

Chuaigh siad ar dhroim an Chapaill.

Agus ar aghaidh leo abhaile le Yelena agus an Féinics Lasrach.

D’fhág siad Ivan ansin agus é fuar marbh.

Bhí fiacha dubha ag déanamh ciorcail os a chionn.

Go tobann tháinig an Mac Tíre Glas.

Agus rug sé greim ar fhiach dubh agus a gearrcach.

Labhair an Mac Tíre Glas leis an bhFiach Dubh.

“Faigh uisce beo agus marbh dom agus scaoilfidh mé d’fhiachín dubh saor.”

Tar éis tamall, tháinig an Fiach dubh ar ais.

Chroith an Mac Tíre Glas an t-uisce marbh ar Ivan.

Leis sin, chneasaigh a ghortuithe.

Ansin chroith sé uisce bheo air.

Leis sin, bhí Ivan ina bheatha arís.

“Nach iontach an codladh a bhí agam,” a deir Ivan.

“Mharaigh do dheartháireacha féin thú,” arsa an Mac Tíre Glas. “Thóg siad do thaiscí ar fad. Gabh i leith uait, go sciobtha!”

Chuaigh siad sna sála orthu.

Tar éis tamaill, tháinig siad chomh fada leis na deartháireacha.

Agus ar an bpointe, stróic an Mac Tíre Glas na deartháireacha ina bpíosaí.

D’umhlaigh Ivan don Mhac Tíre Glas.

Agus d’fhág an Mac Tíre Glas slán go brách leis.

Shroich Ivan an baile.

Agus thug sé an Féinics Lasrach dá athair.

Phós Ivan Yelena Álainn.

Mhair siad na blianta fada le chéile.

Agus ní raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach.